Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/134

This page has been proofread.
124
Caib. XIII. 3
MARCUS

h‑oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan leagadh.

3Agus bhí sé ’n‑a shuidhe ar Chnoc na n‑Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh: 4Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na neithe seo go léir ar theacht chun cinn. 5Agus do chrom Íosa, ’ghá bhfreagradh, ar a rádh leó: [1]Seachain agus ná mealladh aoinne sibh.

6Óir tiocfaidh a lán daoine am’ ainim-se, agus déarfaid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. 7Ach nuair a dh’aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé an deire fós é. 8Óir eireóchaidh cine i n‑aghaidh cine agus rígheacht i n‑aghaidh rígheachta, agus beidh luasgacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san. 9Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 10Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir. 11Agus nuair a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh. 12Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t‑athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n‑aghaidh a n‑athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha. 13Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ ainim-se. Ach an t‑é a bheidh seasamhach go deire isé a raghaidh slán.

14Ach nuair a chífidh sibh [2]gráin an léirsgriosa ’n‑a seasamh sa n‑áit nach dual (an t‑é a léigheann tuigeadh sé), ansan an mhuintir atá i n‑Iúdaéa teithidís chun na gcnoc. 15Agus an t‑é bheidh ar [3]bhuaic a thíghe ná tagadh sé anuas sa tigh agus ná téigheadh sé isteach chun ruda

  1. Ephes. v. 6; 2 Tess. ii. 3.
  2. Dan. ix. 27.
  3. .i. buaic mar úrlár a bhíodh ar thighthibh ann.