Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/138

This page has been proofread.
128
Caib. XIV. 22
MARCUS

suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.

22[1]Agus an fhaid a bhíodar ag ithe do thóg Íosa arán agus bheannuigh sé é, agus bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus dubhairt sé: Glacaidh, ithidh; is é mo chorp é seo. 23Agus thóg sé cailís, agus ghaibh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh í, agus d’óladar go léir aisti. 24Agus dubhairt sé leó: Isí mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán. 25Go deimhin adeirim libh, ná h‑ólfad feasda de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n‑a n‑ólfad nua é i rígheacht Dé.

26Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n‑Ola-chrann.

27Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, [2]Buailfead an t‑aodhaire agus sgaipfar na caoire. 28Ach tar éis m’aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí. 29Agus dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa. 30Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h‑uair.[* 1] 31Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n‑aonfheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna.


32Agus thánadar chun na h‑áite ar a dtugtar Getsémané, agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Suidhidh anso go ndeinead úrnuighthe.

33Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go dúbhach; 34Agus dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam; fanaidh anso agus deinidh faire.

  1. 1 Cor. xi. 24.
  2. Zach. xiii. 7.
  1. Ver. 30. “Sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h‑uair.”—Glaoidhid na coiligh dha uair fé leith san oidhche, .i. timpal uair an mheadhan oidhche ar dtúis agus ansan airís tímpal na h‑uaire ar a dtugtar “glaodh an choiligh.” b’shiní an ghlaodh ar ar labhair ár Slánuightheóir: agus d’á bhrígh sin ní thrachtaid na soisgéalaidhthe eile i n‑aon chor ar an gcéad ghlaodh.