Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/154

This page has been proofread.
144
Caib. II. 22
LÚCÁS

mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t‑aingeal air sar ar gabhadh é sa bhroinn.

22Agus nuair a bhí laethanta a h‑íodhnuighthe caithte [1]do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é, 23Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: [2]Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tighearna é. 24Agus chun go dtabharfaidís an ofráil [3]mar a h‑órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir.

25Agus féach, bhí i n‑Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann. 26Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó, 28Do thóg seisean chuige i n’ucht é, agus thug sé moladh do Dhia agus dubhairt sé:

29Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do sheirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin, 30Óir chonaic mo shúile do shlánú, 31A dh’ollamhuighis os cómhair na bpobal go léir; 32Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.

33Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d’á rádh ’n‑a thaobh; 34Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, [4]tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe d’á lán i n‑Israél, agus chun bheith ’n‑a chómhartha a gheobhaidh diúltadh;[* 1] 35Agus raghaidh claidheamh

  1. Lebhit. xii. 6.
  2. Exod. xii. 2; Uimh. viii. 16.
  3. Lebhit. xii. 8.
  4. Isaias viii. 14.
  1. Ver. 34. “chun díthe.” Táinig Críost chun na cine daona go léir do shaoradh, ach d’innis Simeón anso an nídh a bhí le teacht .i. go mbeadh a lán a dhiúltóchadh’, tré n‑a gceanntréine féin agus tré n‑a ndaille toilteanach féin, do theagasg Chríost, agus na glacfadh a chreideamh, agus go mbeadh san ’n‑a thrúig díthe dhóib; agus go mbeadh a lán eile a bheadh umhal do Críost agus do ghlacfadh an creideamh agus a chimeadfadh a dhlígh, agus go mbeadh san, i n’ adhbhar aiseirighthe dhóibh sin.