Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/160

This page has been proofread.
150
Caib. IV. 20
LÚCÁS

dul as do’n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana fabhair an Tighearna a dh’fhógairt, agus lae an tuarasdail. 20Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.

21Agus thusnuigh sé ar a rádh leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. 22Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? 23Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad. 24Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin. 25Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir: 26Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias [1]ach ag triall ar an mnaoi a bhí ’n-a baintrigh i Sarepta Shidónia. 27Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu [2]ach Naaman an Síriánach. 28Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d’fheirg nuair airigheadar an chaint sin. 29Agus d’eirigheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. 30Ach do ghluais sé tré n-a lár agus d’imthigh sé uatha.


31Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid. 32Agus cuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.

33Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamh-ghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, 34Agus dubhairt: Leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.

  1. 3 Rígh. xvii. 9.
  2. 4 Rígh. v. 14.