Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/174

This page has been proofread.
164
Caib. VIII. 13
LÚCÁS

dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. 13Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl. 14An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a dh’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh. 15Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.

16Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 17[1]Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte. 18Féachaidh, d’á bhrígh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.

19Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an sluagh. 20Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu dh’fheisgint. 21Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre.


22Agus do thárla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh. 23Agus an fhaid a bhíodar-san ag cur na slíghe dhíobh do chuaidh seisean a chodla. Agus tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhíodar d’á líonadh agus bhíodar i gcontabhairt. 24Agus thánadar