Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/179

This page has been proofread.
Caib. IX. 20
169
LÚCÁS

d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh. 20Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Críost Dé. 21Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt leó gan an nídh sin a dh’innsint d’aoinne, ’Ghá rádh:

22[1]Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.

23Agus dubhairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé. 24Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam. 25Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? 26[2]Óir an t-é do ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé ’n-a ghradam agus i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha, 27Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine ’n-a seasamh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé.

28Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh. 29Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach. 30Agus féach, bhí beirt ag cómhrádh leis, agus Maois agus Elias iad san. 31Do chonacthas iad i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhás, an bás a bhí aige le críochnú i nIerúsalem. 32Agus tháinig mairbhitíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n’fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chonacadar a ghradam, agus an bheirt a bhí ’n-a seasamh ’n-a