Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/184

This page has been proofread.
174
Caib. X. 23
LÚCÁS

ach do’n Mhac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú. 23Agus d’iompuigh sé chun a dheisgiobul, agus dubhairt sé: [1]Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn na neithe a chíonn sibh-se. 24Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.


25Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú? 26Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú? 27Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: [2]Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. 28Agus dubhairt seisean leis: Thugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. 29Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa? 30Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh. 31Agus do thárla go raibh sagart ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 32Mar an gcéadna do thárla go raibh Lebhíteach i n-aice na h-áite, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 33Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó; 34Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó. 35Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. 36

  1. Mait. xiii. 16.
  2. Deut. vi. 5.