Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/189

This page has been proofread.
Caib. XI. 44
179
LÚCÁS

cháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh. 44Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feictear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.

45Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlíghe é, agus dubhairt: A Mháighistir, ag rádh na cainte sin duit tá masla agat ’á thabhairt dúinne, leis. 46Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí.[* 1]

47Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b’iad bhúr n-aithreacha do mharbhuigheadh na fáidhe.[* 2] 48Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh ’n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha ’ghá marbhadh agus sibh-se ag cur na leacht suas dóibh. 49Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh; 50I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain. 51[1]Ó fhuil Ábeil go fuil [2]Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so.

52Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisgeabhair iad.

53Agus nuair a bhí na neithe sin aige ’á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe, 54Ag déanamh fill air, a d’iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís ’n-a leith é.

  1. Gen. iv. 8.
  2. 2 Par. xxiv. 22.
  1. Ver. 46. “Mairg daoibh-se féin, a lucht eolais ar an ndlígh,” .i. dochtúirí dlíghe Maoise, .i. na Sgríbhneóirí.
  2. Ver. 47. “Is mairg daoibh-se.”—Ní ghá rádh é gur dhroch-nídh na tuamaí chur suas do sna fáidhibh chun onóra thabhairt dóibh, ach ag imdheargadh na gcuirptheach úd a bhíodh ag déanamh na n-oibreacha san ar mhaithe leó féin, chun creideamhna dh’fhághail dóibh féin, chun ainim cráibhtheachta dh’fhághail, i dtreó go bhféadfidís easonóir a thabhairt do Rí na bhfáidhí.