Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/190

This page has been proofread.
180
Caib. XII. 1
LÚCÁS


CAIBIDIOL XII.

Foláramh ag Críost á thabhairt dúinn gan cealgaireacht do dhéanamh; gan eagla bheith orainn roimis an saoghal; agus bheith i gcómhnuighe ag faire orainn féin.


1Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil: Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.

2Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis. 3Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.

4Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh. 5Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin. 6Ná díoltar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní’l aon ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe. 7Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná a lán gealbhún.

8Agus deirim libh: [1]An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé. 9Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal Dé.

10Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; [2]ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é.

11Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhachtacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagró-