Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/197

This page has been proofread.
Caib. XIII. 35
187
LÚCÁS

n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 35Féach, fágfar agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth ’n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.



CAIBIDIOL XIV.

An duine go raibh an líonadh ann dá leigheas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riachtanas atá le gach nídh do thréigean chun go leanfí Críost.


1Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. 2Agus féach bhí ’n-a láthair duine go raibh líonadh ann. 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? 4Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é. 5Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagairt sin: Cé’cu agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? 6Agus níor fhéadadar freagra thabhairt air sin.

7Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha. 8Nuair a gheobhair cuireadh chun bainise ná suidh sa tsuidhchán uachtarach, le h-eagla go mbeadh duine is onóráighe ’ná thu tar éis cuireadh dh’fhághail uaidh, 9Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaithfá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort. 10Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuireadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: [1]A chara, eirigh níos sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó’n gcuideachtain. 11Óir [2]gach aoinne a dh’árdóchaidh é féin,

  1. Sean-ráidhte xxv. 7.
  2. Mait. xxiii. 12.