Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/201

This page has been proofread.
Caib. XV. 11
191
LÚCÁS

11Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige; 12Agus dubhairt an mac ab óige acu le n’athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d’chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. 13Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne. 14Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. 15Agus d’imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod’ tailimh ag cothú mhuc. 16Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. 17Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta! 18Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; 19Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded’ lucht tuarasdail a thuilleamh.

20Agus d’eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é. 21Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. 22Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, 23Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; 24Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.

25Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus