Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/202

This page has been proofread.
192
Caib. XV. 27
LÚCÁS

bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d’airigh sé an ceól agus an rinnce, 26Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna seirbhísigh, agus d’fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar siubhal. 27Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige. 28Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air. 29Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a dhéanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dhéanamh le m’cháirdibh; 30Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó. 31Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am’ fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam; 32Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.



CAIBIDIOL XVI.

Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir shaidhbhir agus Lasaruis.


1Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. 2Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda. 3Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin, Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. 4Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé. 5Agus do ghlaoidh sé chuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha