Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/203

This page has been proofread.
Caib. XVI. 6
193
LÚCÁS

agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort? 6Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. 7Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. 8Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.[* 1]

10An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. 11D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? 12Agus murar dhílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? 13[1]Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamh-shuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus [2]mammon.

14Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. 15Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh

  1. Mait. vi. 24.
  2. .i. saidhbhreas saoghalta.
  1. Ver. 9. “An saidhbhreas claon,” nó “mammon na malluightheachta”—cialluígheann Mammon saidhbhreas. Tugtar annso ar shaidhbhreas “mammon na malluightheachta,” óir is minic a gheibhtear go h-olc é, agus is minic a curtar go h-olc é, agus is minic olc ag treacht as. Agus pé maith atá ann is rud saoghalta é agus is rud bréagach é. Ní h-é an fíor-shaidhbhreas é do’n Chríostaídhe.—“I dtreo go nglacfidís”—ibid. Taisbeánann san dúinn go mb’ fhéidir go bhféadfadh bochta Dé, gur thugamair faoiseamh ortha le déirc anso, ár n-anam do bhreith isteach i bhflathas Dé ’n-a dhiaidh so le n-a nguidhe.