Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/205

This page has been proofread.
Caib. XVI. 28
195
LÚCÁS

raim ort, d’á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m’athar: 28Mar tá cúigear drithár agam: go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo. 29Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. 30Agus dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha déanfaid siad aithrighe. 31Agus dubhairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe, ní chreidfidís duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh sé ag triall ortha.



CAIBIDIOL XVII.

Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht creidimh, agus ⁊rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh Críost.


1Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. 2B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.

3Tugaidh aire dhaoibh féin. [1]Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é. 4Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó.

5Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn. 6Agus dubhairt an Tighearna: [2]Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.

7Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc,

  1. Lebhit. xix. 17; Eccli. xix. 13; Mait. xviii. 15.
  2. Mait. xvii. 19.