Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/210

This page has been proofread.
200
Caib. XVIII. 28
LÚCÁS

28Agus dubhairt Peadar: Féach, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní’l aon duine a dh’fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígheachta Dé, 30ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.

31[1]Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. 32Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air; 33Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. 34Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh.


35[2]Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do Ierichó do thárla go raibh dall i n-aice an bhóthair ag lorg déarca. 36Agus nuair airigh sé an tsluagh ag gabháil thairis d’fhiafraigh sé cad ab é sin. 37Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó. 38Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, a Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 39Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 40Agus do stad Íosa agus dubhairt sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht ’n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? 41Agus dubhairt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. 42Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. 43Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.