Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/213

This page has been proofread.
Caib. XIX. 30
203
LÚCÁS

Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil, 30Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. 31Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 32Agus d’imthigh na teachtairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach ’n-a sheasamh. 33Agus nuair a bhíodar ’ghá sgaoileadh dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? 34Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 35Agus thugadar ag triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. 36Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh. 37Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar. 38Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais. 39Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. 40Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach.

41Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: 42Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh. 43Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh. 44Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.

45Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do