Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/214

This page has been proofread.
204
Caib. XIX. 46
LÚCÁS

dhíbirt amach as. 46’Ghá rádh leó: Tá sgríobhtha: [1]Tigh cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.


47Agus bhí sé ag teagasg sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na í h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis, 48Agus níor bh’ fhéidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.



CAIBIDIOL XX.

Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh.


1Agus do thárla, lá de sna laethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobhsgaoileadh an tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 2Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san? 3Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin. Tugaidh freagra orm: 4An baisteadh a dhein Eóin, ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? 5Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? 6Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin. 7Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é. 8Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

9Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: [2]Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh ias-

  1. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.
  2. Isáias v. 1; Ierem. ii. 21.