Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/22

This page has been validated.
12
Caib. V. 26
MAITIÚ

t‑eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an breitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu. 26Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.

27Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir fadó: [1]Ná dein adhaltranas. 28Ach deirim-se libh, an t‑é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n‑a chroidhe féin.

29D’á bhrígh sin, má’s trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d’bhallaibh do chailleamhaint ’ná do cholann go léir a chur go h‑ifreann.[* 1] 30Agus ma’s trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded’ bhallaibh do chailleamhaint ’ná do chorp go léir a dhul go h‑ifreann.

31Agus dubhradh, [2]An t‑é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. 32Ach deirim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t‑é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.

33Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. [3]Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do’n Tighearna é. 34Ach deirim-se libh [4]gan dearbhú i n‑aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoir ríoga Dé;[* 2] 35Ná dar talamh, mar isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair

  1. Exod. xx. 14.
  2. Deut. xxiv. 1.
  3. Exod. xx. 7.
  4. Séam. v. 12.
  1. Ver. 29. “Trúig pheactha dhuit,” .i. ma bhíonn sí ’n‑a trúig bharathuisle dhuit, nú n‑a h‑ócáid pheactha dhuit. Curtar i n‑úil dúinn anso nách foláir dúinn gach ócáid achamair peactha do sheachaint bíodh go gcuirfadh san fhéachaint orainn sgaramhaint le rud go mbeadh sé chómh deacair sgaramhaint leis agus bheadh sé sgaramhaint le láimh nú le súil.
  2. Ver. 34. “Gan dearbhú i n‑aon chor.”—Ní’l sé coisgithe dearbhú sa bhfírinne, i gceart, agus i mbreitheamhantas; ar son onóra Dé; nú chun sinn féin nú ár gcómharsa do chosaint. Dearbhú obann, diamhaslach, chun cómhráidh, gan ghádh gan riachtanas, iseadh atá coisgithe.