Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/221

This page has been proofread.
Caib. XXII. 18
211
LÚCÁS

dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; 18Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé. 19[1]Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; déinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.[* 1] 20Agus mar an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt sé: An chailís í seo an tiomna nua am’ chuid fola, a doirtfar ar bhúr son.

21Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd am’ theannta. 22Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, [2]fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é. 23Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíob a bhí chun san do dhéanamh.

24Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé’cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar. 25Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. 26Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’fhear friothálmha. 27Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a shuidhe nó an t-é atá ag friothálamh? Nách é an t-é atá ’n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothálamh. 28Agus is sibh-se do lean am’ fhochair-se am’ chathaíbh. 29Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa; 30Sibh a bheith ag ithe agus ag ól ar mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.

  1. 1 Cor. xi. 24.
  2. Salm xl. 9.
  1. Ver. 19. “Deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.”—Tá an ídhbirt agus an tsácramínt sin le leanmhaint sa n-Eaglais go dtí deire an tsaoghail, chun báis Chríost do theasbáint os árd go dtí go dtiocfidh sé. Ach ní chuireann an commemoratio san, nú i gcuímhneamh san, i n-aon chor, i gcoinnibh fola agus feóla ár Slánuightheóra a bheith láithreach go fírinneach fé ghné an aráin agus an fhíona so a chuireann i n-úil a bhás. A mhalairt is fíor, óir is le n-a órdú féin a deintear an cuímhneamh san agus an commemoratio san ar á bhás, nuair ofráltar i n-ídhbirt agus nuair a glactar, sa tsácramínt, a chorp naomhtha féin agus a chuid fola naomhtha féin, le n-ar fhuasgail sé sinn.