Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/226

This page has been proofread.
216
Caib. XXIII. 19
LÚCÁS

agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúghainn Barabbas, 19Fear a bhí istigh le marbhú duine agus mar gheall ar cheannairc a deineadh sa chathair. 20Ach do labhair Pílát leó airís a d’iarraidh Íosa do leigint saor. 21Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. 22Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: [1]Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. 23Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. 24Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh. 25Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air.


26Agus nuair a bhíodar ’ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh’ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó’n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh’iompar i ndiaidh Íosa.

27Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. 28Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bídhidh ag gol ar bhúr son féin agus ar son bhúr gclainne. 29Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne. 30[2]An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn. 31Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?

32Agus bhí beirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun báis.

33Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis agus an duine

  1. Mait. xxvii. 23; Marc. xv. 14.
  2. Isáias ii. 19; Ósee x. 8; Apoc. vi. 16.