solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. 10Bhí sé ar an saoghal, [1]agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. 12Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhíobh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. 13Nách a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.
14[2]Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. 15Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. 16[3]Agus as a líonmhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. 17Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18[4]Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.
19Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? 20Agus d’adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhuigh sé: Ní mise Críost. 21Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé; Ní mé. An tu an fáidh? Agus dubhairt sé: Ní mé. 22Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? Cad deirir ad’ thaobh féin? 23Dubhairt sé: [5]Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. 24Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. 25Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? 26D’fhreagair Eóin iad agus
- ↑ Eabh. xi. 3.
- ↑ .i. Do ghlac Mac Dé colann daona. Feic Mait. i. 16; Lúc. ii. 7.
- ↑ 1 Tim. vi. 17.
- ↑ 1 Tim. vi. 16; 1 Eóin iv. 12.
- ↑ Isáias xl. 3.