Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/236

This page has been proofread.
226
Caib. I. 41
EÓIN

agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. 41Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). 42Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).

43Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; Lean mise. 44Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: [1]An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus [2]na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. 46Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israélíteach fírinneach ná fuil feall ann. 48Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu. 49D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé ’ghá rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó ’ná san. 51Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.



CAIBIDIOL II.

Uisge á atharú i n’fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amach as an dteampul.


1Agus an trímhadh lá bhí pósadh d’á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. 2Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun

  1. Gen. xlix. 10, Deut. xviii. 18.
  2. Isáias xl. 10, xlv. 8; Ierem. xxiii. 5; Ezech. xxxiv. 23, xxxvii. 24; Dan. ix. 24, 25.