Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/237

This page has been proofread.
Caib. II. 3
227
EÓIN

na baineise. 3Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu. 4Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, a bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.[* 1] 5Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh, deinidh é. 6Agus bhí sa n-áit sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe, do réir nóis na n-Iúdach: agus do raghadh dó nó trí mheadraibh ins gach dabhach díobh. 7Dubhairt Íosa leó: Líonaidh na dabhacha d’uisge. Agus do líonadar iad go bara. 8Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do rugadar. 9Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n’fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharraing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-phósta, 10Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne an fíon fóghanta ar bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn chómh maith. Ach do choimeádais-se an fíon fóghanta go dtí so. 11Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann. 12Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.


13Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus

  1. Ver. 4. “Cad é sin dómh-sa ⁊ duit-se sin?” ⁊rl. Tuigid raint mínightheóirí go raibh a bheag nú a mhór de ghéire ins na focalaibh sin do labhair ár Slánuightheóir le n-a Mháthair. Ní thuigfidís, dá mb’áil le féachaint ar an gcaint a thagann láithreach ’na dhiaidh san. “Pé rud a déarfidh sé libh a dhéanamh, deinidh é,” arsan Mhaighdean leis na seirbhísigh. Taisbeánann an chaint sin go raibh fhios aici go raibh sé chun mírbhúilte éigin a dhéanamh bíodh ná raibh “a thráth tagaithe.” An bhféadfadh uraim d’á Mháthair dul níba shia ’ná a thabhairt le tuisgint di go raibh sé chun a toile do thabhairt di bíodh ná raibh a thráth ann fós? Do dhein sé an mhírbhúilt ná déanfadh sé mura mbeadh í ghá iarraidh air. Uraim mhírbhúilteach ab eadh é sin. D’á éaghmuis sin, níor fhéidir d’aoinne ach do dhuine a bheadh láithreach an chaint do thuisgint i gceart, .i. cia’cu bhí géire inti nú na raibh. An chaint a bheadh feargach nuair a labharfí í i nguth agus i nglór áirithe, d’fhéadfadh sí bheith ana-shéimh i n-a mhalairt de ghuth agus de ghlór.