Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/238

This page has been proofread.
228
Caib. II. 14
EÓIN

chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 14Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu ’á dhíol, agus caoire, agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil ’n-a suidhe ann. 15Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha. 16Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m’Athar. 17Ansan do chuimhnigh a dheisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: [1]Tá díogras do thíghe a’m ithe.

18Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo? 19D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin. 20Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin? 21Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint. 22Agus nuair a dh’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus [2]chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.

23Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 24Ach níor thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith aige ar an uile dhuine, 25Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.



CAIBIDIOL III.

Caint Chríost le Nicodémus. Fiadhnaise Eóin.


1Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh’ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é. 2Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche,

  1. Salm. lxviii. 10.
  2. Salm. iii. 6, lvi. 9.