Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/239

This page has been proofread.
Caib. III. 3
229
EÓIN

agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis. 3Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a dh’fheisgint. 4Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab fhéidir go mbéarfaí duine agus é ’n-a sheanduine? An amhlaidh fhéadfadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saoghal an tarna h-uair? 5Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, [1]mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.[* 1] 6An nídh a geintear ó’n bhfeóil is feóil é, agus an nídh a geintear ó’n Spioraid is spioraid é. 7Ná dein iongna dhe go ndubhart leat: Ní foláir sibh a bhreith an tarna h-uair. 8Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis. Cloiseann tú a ghuth, [2]ach ní h-eól duit cá dtagann sé ná cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a geintear o’n Spioraid. 9D’fhreagair Nicodémus agus dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith amhlaidh? 10Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?

11Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b’air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. 12Má innseas neithe saoghalta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreidfidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh? 13Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. 14[3]Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde; 15I dtreó, gach duine a chreidfidh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.

  1. .i. mura mbaistear é.
  2. Salm. cxxxiv. 7.
  3. Uimh. xxi. 9.
  1. Ver. 5. “Mura n-aithgheintear duine.” Deimhnígheann ár Slánuightheóir leis an gcaint sin go bhfuil baisteadh ríachtanach, agus ó ainimnígheann sé an t-uisge is léir nách foláir an t-uisge do chur i n-aonfheacht leis na focalaibh. Mait. xxviii. 19.