Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/243

This page has been proofread.
Caib. IV. 22
233
EÓIN

nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh. 22[1]Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. 23Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adharthóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne. 24[2]Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh’adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh’adhradh. 25Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn. 26Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat.

27Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí iongna ortha é bheith ag caint leis an mnaoi. Ní dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná. Cad ’n-a thaobh duit bheith ag caint léi?

28Agus d’fhág an bhean an t-árthach ’n-a diaidh, agus d’imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt sí leis na daoine: 29Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é? 30Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus thánadar ag triall air. 31Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Mháighistir, ith rud. 32Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le n-ithe bia nách eól daoíbh-se. 33Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige? 34Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. 35Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé ’ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar na críochaibh, [3]conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair. 36Agus an t-é a bhaineann an fóghmhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. 37Óir is fíor sa nídh seo an rádh, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. 38Chuireas-sa

  1. 4 Rígh. xvii. 29, 41.
  2. 1 Cor. iii. 17.
  3. Mait. ix. 37.