Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/250

This page has been proofread.
240
Caib. VI. 21
EÓIN

bíodh eagal oraibh. 21Ansan dob’ áil leó é theacht chúcha isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír go rabhadar ag dul ann.


22Amáireach a bhí chúghainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí ’n-a seasamh ar an dtaobh eile de’n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin; 23Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tíghearna buidheachas; 24Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Capharnaum ag lorg Íosa. 25Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo? 26D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.

27Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. [1]Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. 28Ansan dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: [2]Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh. 30Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat d’á oibriú? 31D’ith ár n-aithreacha manna sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: [3]Thug sé arán ó neamh dóibh le n-ithe. 32Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann daoibh an t-arán fírinneach ó neamh. 33Óir isé arán Dé an t-arán a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do’n domhan.

  1. Mait. iii. 17, xvii. 5.
  2. 1 Eóin iii. 23.
  3. Exod. xvi. 14; Uimh. xi. 7; Salm. lxxvii. 24; Eagna xvi. 20.