Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/251

This page has been proofread.
Caib. VI. 34
241
EÓIN

34Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán san i gcómhnuighe. 35Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; [1]an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche. 36Ach dubhart libh go bhfeacabhair mé agus ná creideann sibh. 37Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é. 38Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé. 39Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh’ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. 40Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chíonn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.

41Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán ’n-a choinnibh toisg go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh, 42Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d’á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh? 43Ansan d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin: 44Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé ’ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.[* 1] 45Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: [2]Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa. 46Ní h-é go bhfeacaidh aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé sin an t-Athair. 47Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a chreideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. 48Is mise arán na beatha. 49[3]D’ith bhúr n-aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. 50Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann

  1. Eccli. xxiv. 29.
  2. Isáias liv. 13.
  3. Exod. xxvi. 13.
  1. Ver. 44. “’Ghá tharang.” Ní le h-éigin é, ámhthach, ná le h-aon aimhdheóin do dhéanamh ar a shaorthoil, ach le neart grádhmhar milis a ghrásta naomhtha.