Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/255

This page has been proofread.
Caib. VII. 14
245
EÓIN

14Ach tímpal meadhon lae na féile chuaidh Íosa suas isteach sa teampul agus bhí sé ag teagasg.

15Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige, agus nár fhoghluim sé é? 16D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é, ach leis an t-é a chuir uaidh mé. 17Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneóchaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint. 18An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann. 19[1]Nár thug Maois an dlígh dhaoibh-se, agus ní chómhlíonann aoinne agaibh an dlígh? 20Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis? 21D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go léir. 22Uime sin thug [2]Maois an tímpal-ghearradh daoibh (ní gur ó Mhaois é, [3]ach ó sna h-aithreachaibh), agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsabbóid. 23Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dheineas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid? 24[4]Ná tugaidh breith do réir mar a chítear, ach tugaidh breith cheart.

25Agus dubhairt cuid de mhuintir Ierúsaleim: Nách é seo an t-é go bhfuilid siad a d’iarraidh é chur chun báis? 26Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h-uachtaráin gur b’é seo Críost? 27Ach tá aithne againn air seo, cá dtáinig sé; ach Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é. 28Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus dubhairt sé: Tá aithne agaibh orm-sa agus is eol daoibh cár ab as mé; agus ní uaim féin a thánag; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor, agus ní’l

  1. Exod. xxiv. 3.
  2. Lebhit. xii. 3.
  3. Gen. xvii. 10.
  4. Deut. i. xvi.