Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/264

This page has been proofread.
254
Caib. IX. 41
EÓIN

i n’fhochair é, agus dubhradar leis: An amhlaidh atáimíd-ne dall, leis? 41Dubhairt Íosa leó: Dá mbeadh sibh dall ní bheadh peaca oraibh. Ach anois abrann sibh, Tá radharc againn: Leanann bhúr bpeaca oraibh.[* 1]



CAIBIDIOL X.

Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aodhaire fóghanta. Is aon é agus a Athair.


1Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe. 2Ach an t-é a thagann isteach an dorus, siné aodhaire na gcaorach. 3Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad. 4Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth. 5Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.

6Do labhair Íosa an tsoluíd sin leó. Ach ní fheadradar cad a bhí aige d’á rádh leó. 7Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach. 8Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.

9Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht. 10Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla. 11[1]Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta

  1. Isáias xl. 11; Ezech. xxxiv. 23, xxxvii. 24.

    leis an ndroch-úsáid a dheineadar d’á theacht agus leis an ndiúltú a thugadar dó.

  1. Ver. 41. “Dá mbeadh sibh dall,” .i. dá mbeadh ainbhfios tar cumas oraibh ní bheadh an peacadh oraibh, ach táthaoí ag maoídheamh as bhúr n-eólus ar an scriptiúir agus ní’l aon leathsgéal agaibh.