Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/265

This page has been proofread.
Caib. X. 12
255
EÓIN

a anam ar son a chaorach. 12An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin na caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad. 13Agus teitheann an fear tuarasdail mar is fear tuarasdail é, agus ní’l speóis aige ins na caoire. 14Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé. 15Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach. 16Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin. 17Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, [1]mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís. 18Ní’l aoinne ’ghá thógaint uaim, ach is uaim féin atáim ’ghá thabhairt uaim; agus tá ar mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó m’Athar.

19D’eirigh siosma airís idir na Iúdaigh mar gheall ar an gcaint sin. 20Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaidh atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis? 21Dubhairt tuille acu: Ní caint fir go mbeadh deamhan ann an chaint sin; an bhféadfadh deamhan súile na ndall a dh’osgailt?


22Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus sa gheimhreadh ab eadh é. 23Agus bhí Íosa ag siubhal sa teampul, i bpóirse Shalomóin. 24Agus tháinig na Iúdaigh ’n-a thímpal, agus bhíodar ’ghá rádh leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir. 25D’fhreagair Íosa iad: Táim ’ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é. Na h-oibreacha atá agam ’á dhéanamh i n-ainim mh’Athar, tá fiadhnaise acu ’á dhéanamh dom. 26Ach ní chreideann sibh-se, mar ní de’m’ chaoire-se sibh. 27Éistid mo

  1. Isáias liii. 7.