beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh; agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fheadair sé cá mbíonn sé ag dul. 36An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.
37Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os a gcómhair níor chreideadar ann; 38Ionus go gcómhlíonfaí an chaint adubhairt Isáias Fáidh: [1]A Thighearna, cé chreid a gcloistear uainn? Agus cé dhó gur foillsigheadh cuisle an Tighearna? 39Uime sin níor fhéadadar creideamhaint, óir dubhairt Isáias airís:[* 1] 40[2]Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe. agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad. 41Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a ghlóire, agus nuair a labhair sé air. 42Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad. 43Óir bá mhó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.
44Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé. 45Agus an t-é a chíonn mise, chíonn sé an t-é a chuir uaidh mé. 46Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht. 47Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh. 48An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; [3]an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach. 49Óir ní h-uaim féin do labhras-sa, ach an t-Athair a
- ↑ Isáias liii. 1.
- ↑ Isáias vi. 9.
- ↑ Marc. xvi. 16.
- ↑ Ver. 39. “Níor fhéadadar creideamhaint.” “Mar sin níor bh’áil leó.” N. Aug. Tr. 33 in Joan. Feic an nóta ar Mharc. iv. 12.