Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/286

This page has been proofread.
276
Caib. XVII. 22
EÓIN

22Agus an soillsiú a thugais-se orm-sa, do thugas-sa ortha so é, ionus go mb’ aon iad, fé mar is aon sinne. 23Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beachtuighthe i n-aon; agus go n-aithneóchadh an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais grádh dhóibh seo fé mar a thugais grádh dhómh-sa. 24A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an ghlóire a thugais-se dhom, mar gur thugais grádh dhom roimh cruithniú an domhain. 25A Athair atá ró-cheart, ní raibh aithne ag an saoghal ort; ach bhí aithne agam-sa ort; agus bhí fhios acu so gur chuiris-se uait mise. 26Agus do thugas-sa dhóibh, agus tabharfad, eólus ar t’ainim; ionus, an grádh a thugais-se dhómh-sa, go mbeadh sé ionta so, agus mise ionta.



CAIBIDIOL XVIII.

Tuairisg ar Pháis Chríost.


1Nuair a bhí an chaint sin ráidhte ag Íosa chuaidh sé amach, mar aon le n-a dheisgiobuil [1]thar sruth Chedrón, mar a raibh gáirdín, agus chuaidh sé féin agus a dheisgiobuil isteach sa gháirdín: 2Agus bhí fios na h-áite ag Iúdás, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobulaibh. 3Agus nuair a fuair Iúdás buidhean saighdíúirí agus oificeacha ó sna h-árd-shagairt agus ó sna Fairisínigh, tháinig sé chun na h-áite agus lóchranna aige, agus tóirsí, agus airm. 4Agus ó bhí fhios ag Íosa gach nídh d’á raibh le teacht air, chuaidh sé amach agus dubhairt sé leó: Cé ’tá uaibh? 5D’fhreagradar é: Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é. Agus bhí Iúdás, an fear a dhíol é, ’n-a sheasamh ’n-a dteannta. 6Agus chomh luath agus adubhairt sé leó, Is mise é, chuadar i ndiaidh a gcúl agus thuiteadar ar an dtalamh. 7Ansan d’fhiafraigh sé dhíobh airís: Cé ’tá uaibh? Agus dubhradar-san: Íosa an Nasa-

  1. 2 Rígh. xv. 23.