Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/291

This page has been proofread.
Caib. XIX. 21
281
EÓIN

mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit ’n-ar céasadh Íosa achmair do’n chathair. Agus bhí sé sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21Dubhairt árd-shagairt na n-Iúdach, ámh, le Pílát: Ná sgríbh: Rí na n-Iúdach; ach go ndubhairt sé: Is mé rí na n-Iúdach. 22D’fhreagair Pílát: An nídh do sgríobhas, do sgríobhas é.

23Agus na saighdiúirí, nuair a chéasadar é, do thógadar a chuid éadaigh agus dheineadar cheithre coda dhíobh, cuid do gach saighdiúir, agus a chasóg. Bhí an chasóg, ámh, gan fuagháil inti, ach í fighte ar fad ó n-a bárr. 24Agus dubhradar le n-a chéile: Ná stracaimís í, ach cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómhlíonfaí an scriptiúir adeir: [1]Do rainneadar eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na neithe sin.

25Agus bhí ’n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Mhaghdalén. 26Agus nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis ’n-a sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné do mhac! 27Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.

28I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, [2]ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm. 29Agus bhí árthach ann agus é lán d’fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins agus é lán d’fhínéigir agus iosóip tímpal air. 30Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.

31Ach na Iúdaigh, óir b’é lá an ollamhuighthe é, i dtreó ná fanfadh na cuirp ar an gcrois i gcaitheamh na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Phílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32Ansan do tháinig na saighdiúirí, agus bhriseadar cosa an chéad duine, agus cosa an duine eile a bhí céasda i n-aonfheacht leis. 33Ach nuair a thánadar chun Íosa,

  1. Salm. xxi. 19.
  2. Salm. lxviii. 22.