Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/294

This page has been proofread.
284
Caib. XX. 20
EÓIN

tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach, [1]thainig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh.[* 1] 20Agus nuair adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deisgiobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna. 21Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se. 22Tar éis an méid sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó: Glacaidh an Spioraid Naomh. 23[2]Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.[* 2]

24Ach Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raibh sé ’n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa. 25Agus d’á bhrígh sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonacamair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach ’n-a thaobh, ní chreidfead é.

26Agus tar éis ocht lá bhí na deisgiobuil istigh airís, agus Tomás ’n-a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na doirse dúnta, agus sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé: Síothcháin daoibh. 27Ansan deir sé le Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo dhearnacha, agus sín anso do lámh, agus cuir isteach am’ thaobh í; agus ná bí díchreideamhach, ach bí creideamhach. 28D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia. 29Dubhairt Íosa leis:

  1. Ver. 19. “Agus na dóirse dúnta.” An chómhacht chéadna a thug corp Chríost, go h-iomlán ’n-a bhallaibh go léir, tré sna dóirse dúnta, féadann sí gan amhras ar bith, an corp céadna do chur láithreach go fíor sa tsacramínt, bíodh go bhfuil san agus súd os cionn ár dtuisgiona.
  2. Ver. 23. “Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh.” Sin cómhacht chun peacaí mhaitheamh nuair a h-ínnstear iad i bhfaoísdin, agus úghdarás chuige, agus séala mór leathan, ó neamh anuas, ag deimhniúghadh na cómhachta san agus an úghdaráis sin.