libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, 12Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. 13Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.
14Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n‑a luighe agus éagcruas uirthi; 15Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t‑éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.
16Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n‑a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; 17Ionus go bhfíorfaí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: [1]Do ghlac sé chuige féin ár n‑easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.
18Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n‑a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge. 19Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n‑a ngeóbhair. 20Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. 21Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. 22Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.
23Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. 24Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. 25Ach bhí seisean ’n‑a chodla. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn. 26Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fan-
- ↑ Isáias liii. 4; 1 Pead. ii. 24.