Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/45

This page has been proofread.
Caib. XIII. 14
35
MAITIÚ

leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. 14Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: [1]Le cloisint cloisfidh sibh agus ní tuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní feicfidh sibh. 15Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n‑a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h‑eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n‑a súilibh, agus go gcloisfidís le n‑a gcluasfaibh, agus go dtuigfidís i n‑a gcroídhe, agus go n‑iompóchaidís agus go slánóchainn iad. 16Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid. 17Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a d’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. 18Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.

19Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n‑a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n‑aice an bóthair. 20An t‑é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t‑é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h‑áthas; 21Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. 22Agus an t‑é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t‑é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. 23Ach an t‑é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t‑é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.


24Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhlathas le duine a chuir síol fóghanta ’n‑a chuid tailimh; 25Ach nuair a bhí na daoine ’n‑a gcod-

  1. Isáias vi. 9.