Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/53

This page has been proofread.
Caib. XV. 21
43
MAITIÚ

21Agus d’imthigh Íosa as an áit sim, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. 22Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan. 23Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n‑ár ndiaidh. 24Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil. 25Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. 26Agus d’fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. 27Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí. 28Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h‑inghean ó’n uair sin.

29Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bpuach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. 30Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, [1]agus do leighis sé iad; 31I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.

32Anfan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n‑ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n‑a dtrosgadh, le h‑eagla go dtuitfidís ar an slígh. 33Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? 34Agus dubhairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seacht mbulóga, agus raint d’ iasgaibh beaga. 35Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe ar an dtalamh. 36Agus thóg sé na seacht

  1. Isáias xxxv. 5.