na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.[* 1] 24Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n‑a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? 25Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. 26Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus cait dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér.[1] ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.
CAIBIDIOL XVIII.
1An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Dé h‑é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? 2Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n‑a sheasamh ’n‑a lár é. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n‑iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. 4An t‑é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. 5Agus an t‑é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. 6Ach an t‑é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a
- ↑ Dob’ fhiú leath-choróinn an statér.
- ↑ Ver. 23. “An didrachma,” .i., leath sicle, nú leath statéir, .i. tímpal chúig phingine déag d’airgead Shasana. Cáin ab eadh é a baintí de gach duine chun seirbhíse an teampuil.