bheidh eadraibh-se; ach an t‑é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n‑a fhear fhriotháilte agaibh; 27Agus an t‑é gur maith leis bheith i n’fhear thosaigh eadraibh, bíodh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh. 28[1]Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.
29Agus nuair a bhíodar ag dul amach a’ Ierichó do lean sluagh mhór éisean. 30Agus féach, bhí beirt dall ’n‑a suidhe i n‑aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 31Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n‑éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 32Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh? 33Go n‑osgalófaí ár súile, a Thighearna, ar siad. 34Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.
CAIBIDOL XXI.
1Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n‑aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n‑a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. 3Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna
- ↑ Philip. ii. 7.