Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/74

This page has been proofread.
64
Caib. XXII. 45
MAITIÚ

Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibn? 45D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thigearna air, conus atá sé ’n‑a mhac aige? 46Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.



CAIBIDIOL XXIII.

Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh, fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n‑uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille.


1Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n‑a dheisgiobuil,

2Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. 3D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n‑oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. 4Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h‑áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. 5Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.[* 1] 6Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. 7Agus fáiltiú dhóibh i n‑áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. 8Ach ná tugtar[1] Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n‑a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. 9Agus

  1. .i. Ná loirgidh é, le h‑uabhar.
  1. Ver. 5. bhFulactéirí, .i., giotaí beaga meamruim agus na deich n‑aitheanta sgríobhtha ortha, agus iad d’á gcaitheamh agus na Fairisíneachaibh ar a n‑éadan, ag taisbeáint a bhfíoraontachta, mar go raibh “an dlígh os cómhair a súl i gcómhnuidhe.” Bhíodh na meamruim níba leithne ag na Fairisínigh ’ná ag daoinibh eile, ’ghá chur i n‑úil gur mhó an meas a bhí acu ar an ndlígh.