Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/75

This page has been proofread.
Caib. XXIII. 10
65
MAITIÚ

[1]ná tugaidh bhúr n‑athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t‑é atá ins na flathais. 10Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is máighistir agaibh, .i. Críosd.[* 1] 11An t‑é is fearr oraibh, beidh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh. 12Óir an t‑é a dh’árdóchaibh é féin, ísleófar é; agus an t‑é a dh’ísleóchaidh é féin, ardófar é.

13Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n‑aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.

14Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh.

15Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin.

16Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t‑é dhearbhóchaidh dar ós an teampail tá an ceangal air. 17A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t‑ór, nó an teampal a bheannuigheann an t‑ór? 18Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthar nó an altóir a chuireann an bheannuightheach ar an dtabharthas? 20D’á bhrígh sin, an t‑é dearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. 21Agus an t‑é a

  1. Mal. i. 6.
  1. Ver. 9. 10. "Ná tugaidh bhúr n‑athair ar aoinne," ⁊rl., .i. Ní féidir aon athair do chur i gcomparáid le n‑ár n‑Athair atá ar neamh, agus ní ceart rud a dhéanamh ar aon mháighistir a dheolfadh amú sinn ó Chríost. Ní choisgeann san sinn, ámhthach, ar onóir a thabhairt, do réir dlíghe Dé, d’ár n‑athair agus d’ár máthair saoghalta, agus d’ár n‑aithreachaibh spirideálta, agus d’ár máighstiríbh agus d’ár dteagasgóiribh. (Feic 1 Cor. iv. 15.)