Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/76

This page has been proofread.
66
Caib. XXIII. 22
MAITIÚ

dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t‑é atá ’n‑a chómhnuidhe ann. 22Agus an t‑é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t‑é atá ’n‑a shuidhe inti.

23Is máirg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlionadh na neithe is truime sa dlígh, [1]breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.

25Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. 26A Fairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.

27Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a cluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h‑áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais. 28Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht.

29Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h‑órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:[* 1] 30Dá mbeimís-ne beó le linn ár sinsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. 31D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. 32Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. 33A aithreacha nimhe,

  1. Mich. vi. 8.
  1. Ver. 29. “A dheineann tuamaí.” Ní deir an chaint sin gur droch-nídh uaghna na bhfáidh do dhéanamh agus órnáid do chur ortha. Cáineann sí an feall a bhí ins na Fairisínigh a bhiodh ag onórú uaghna na bhfáidh mar dh’eadh, agus easonóir acu ’a thabhairt do thighearna na bhfáidh.