a shliocht na n‑aithreach nimhe, cad é an dul atá aghaibh-se ó bhreith ifrinn? 34D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó chathair go cathair. 35Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin [1]Abel go fuil [2]Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir.[* 1] 36Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.
37A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h‑ál fé n‑a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 38Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. 39Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n‑abraidh sibh: Moladh leis an t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna.
CAIBIDIOL XXIV.
1Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. 2Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.
- ↑ Ver. 35. “Ionus go dtiocfadh oraibh.”—Ní ’ghá rádh é gur mhó an pionós a thiocfadh ortha ná mar a bhí tuillte aca, ach ’ghá rádh go dtiocfadh an uair sin ortha aon dhíbhfeirg amháin ’n‑a mbeadh ann cothrom ar cuireadh riamh de dhíbhfeirgíbh agus de phionóisíbh ar lucht fola a bheadh neamhchiontach do dhortadh.