Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/79

This page has been proofread.
Caib. XXIV. 23
69
MAITIÚ

thanta san ní bheadh dul as ag feóil an bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon. 23An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. 24Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é). 25Féach, tá innste agam daoibh roim ré. 26D’á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins na seómraíbh: ná creididh. 27Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 28Pé áit ’n‑a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair.[* 1]


29[1]Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an gealach a solus, agus tuitfidh na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh;[* 2] 30Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, [2]agus cífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam.[* 3] 31[3]Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n‑íochtar. 32Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n‑achmaireacht. 33Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n‑aice libh, ins na dóirsibh. 34Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an

  1. Isáias xiii. 10; Ezech. xxxii. 7.
  2. Apoc. i. 7.
  3. 1 Cor. xv. 52; 1 Tess. iv. 11.
  1. Ver. 28. “Pé áit,” ⁊rl.—Beidh teacht Chríost obann agus soiléir os cómhair an domhain, ar nós na splainnce tóirthnighe, agus pé áit ’n‑a dtiocfidh sé cruinneófar an chine dhaona go léir chuige ann, fé mar a cruinnightear na fiolair chun na h‑áite ’n‑a mbíonn an corpán.
  2. Ver. 29. “Na réalta,” .i., na lasracha solais i bhfuirm réaltan.
  3. Ver. 30. “cómhatha,” .i., cruis chéasta Chríost.