nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlachta a dhein sí é. 13Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici.
14Ansan d’imthigh duine de’n dáréag, dár b’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, 15Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid. 16Agus ar san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas.
17An céad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan gort tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh? 18Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobui lan Cáisg agat-sa. 19Agus dhein na deisgiobuil mar a dh’órduigh Íosa dhóibh, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.
20Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. 21Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol. 22Agus tháinig anabhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? 23Agus duhbairt seisean ’ghá bhfreagra: An t‑é a chuir a lámh sa mhéis am’ chuíbhreann, díolfaidh sé mé. 24Tá Mac an Duine ag imtheacht, [1]fé mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é theacht riamh ar an saoghal. 25Ansan, do fhreagair Iúdás, An fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Mháighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.
26An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, aguf bhris é, aguf thug d’á dheisgiobulaibh é;
- ↑ Salm xl. 10.