Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/87

This page has been proofread.
Caib. XXVI. 34
77
MAITIÚ

umat choídhche. 34Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h‑uaire. 35Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbeadh orm bás d’ fhághail i n‑aonfeacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.


36Ansan do thánig Íosa agus iad féin chun an baile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe déanamh. 37Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thurnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach. 38Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta. 39Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh[1] an cailís seo tharam; ach sa n‑am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. 40Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a’ chluig amháin liom? 41Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag. 42Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h‑ól, do thoil-se go ndeintear. 43Agus tháinig sé airís agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. 44Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h‑uair, ag rádh na cainte céadna. 45Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach. 46Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht.

47Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n‑a chois a chuir

  1. .i. An pháis.