Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/88

This page has been proofread.
78
Caib. XXVI. 48
MAITIÚ

uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí. 48An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t‑é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. 49Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. 50Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuireadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. 51Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. 52Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n‑ais i n‑a inead féin. Óir, [1]gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. 53An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá [2]legión déag aingeal? 54Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an [3]scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. 55An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm. 56Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh.[4] Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


57Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. 58Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h‑oibre.

59Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go

  1. Gen. ix. 6; Apoc. xiii. 10.
  2. Idir cheithre mhíle fear agus sé mhíle fear a bhíodh sa Legión Rómhánach.
  3. Isáias liii. 10.
  4. Éagcaoine iv. 20.