Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/92

This page has been proofread.
82
Caib. XXVII. 28
MAITIÚ

amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. 28Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. 29Agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n‑a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n‑Iúdach! 30Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. 31Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.


32Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an nduine sin dul leó agus a chros d’iompur. 33Agus thánadar chun áite ar a dcugtar Golgota ’sé sin, áit Chalbharí.[1] 34Agus thugadar le n‑ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. 35Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: [2]Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chuid éadaigh. 36Ansan do shuidheadar ag faire air. 37Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N‑IÚDACH, É SEO. 38Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. 39Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, 40Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. 41Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís: 42Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. 43Bhí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil

  1. .i. áit an chloiginn.
  2. Salm xxi. 19.