i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h‑uagha, agus d’imthigh sé. 61Bhí ann, ámhthach, Máire Magdalén agus an Máire eile agus iad ’n‑a suidhe ar aghaidh na h‑uagha amach.
62Agus an lá ’n‑a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n‑aonfheacht ag triall ar Phílát,[* 1] 63Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireóchad airís. 64Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h‑eagla go dtiocfadh a dheishiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall. 65Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh ah gárdáil mar is eól daoibh. 66D’imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.
CAIBIDIOL XXVIII.
1Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h‑uagha. 2Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi; 3Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. 4Agus le h‑eagla roimis tháinig sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. 5Agus d’fhreagair an t‑aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur b’é Íosa, do céasfadh, atá uaibh. 6Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar
- ↑ Ver. 62. “Lae an ollamhuighthe,” .i. an lá a déintí an t‑olmhúchán go léir óir ní ceaduightí fiú olmhú bídh lá na sabbóide.